Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Rum Raice
Aimsear Cogaidh Cruinne, do cailleadh long timpeall na h-áite seo agus í lán le ruma bhí ceapaithe ar dhul goh-armáil Shasana. Do bhriseadh suas í ar na carraigreacha mar bhí an ghaoth an-tréan, a; séideadh anoir andeas agus d'imthig na puinsiúin mhóra ar barra na taoide.
Do tógadh thall is ibhfus a lán acu agus do shabháil na daoine iadchun deoch a bheith acu.
Tá's agam ao'bhall amháin go raibh barraile agus d'ól fear amháin an iomad de agus do cailleadh é, b'é sin i nDún Uí Chabhthaigh.
Go deimhin béidir gur shábháil an marbh san leath-chéad daoine.
Do bhí ao' chuas amháin, Cuas a' Chorláin, agus is dócha go raibh fiche bairile briste ann le fórsa an rum agus d'iontuigh sé an fairrge chomh dearg le fuil.- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 70
- Seoladh
- Baile Loc, Co. Chorcaí