Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
- XML Leathanach 213
- XML “Cnocán an Chrochaire”
- XML “Fear Ólta Tobach ar an gCarraig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cnocán ar a' mbaile seo go dtugtar Cnocán a' Crocaire air. Is amhlaidh do bhí fear á fhiadhach ag na "yeomen" aimsir nóchad ocht agus do rugadh air tímcheall na h-áite seo agus do crochadh ar crann é ar thaobh a'bhóthair. Riamh ó shoin 'nuair a bítear a'siúbhal thar an áit sin deineann an coiscéim fothrom mór ar feadh atrí nó a cheithre de shlataibh. Dá mbeifeá a'siúbhal ann oidhche brheágh chúin d'aireóchfaí mach-alla na' choiscéime ceathrú míle ón áit sin.
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí
- Bíodh criú a'dul ag iascach ón áit seo ga'h-aon oidhche fadó ó shoin. Bhí duine ortha agus bhí sé an-chiochrach chun tabach. Bhí sé bocht agus is annamh riamh do bhíodh a dhóithin aige agus do bhíodh sé an-táthaireacht ar a'gcuid eile de'n criú go lán minic.
Ins an am san do bhíodh fear 'na shuidhe ar charraig ar thaobh a chuais ar fead i bhfad bliain agus(leanann ar an chéad leathanach eile)