Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1.
Mo shlán chun Cara na séimh-fhear
Mar a chaitheas trí thréim dom' shaoghail
Gan gádh, gan easpamh sa t-saoghal
Ach a'magadh 's a'scléip do bhínn.
Ag éisteacht le h-Aifreann Dé dhom
Is a'teagasc thar bhréithribh Chríst
Is gan fán ar ár sagart le naomhthacht
Fad a mairim faoí réim sa tír.
2.
Is dá gcasfaí bacach ón dtír orm
Nó senduine críona trom
Máistear scoile nó rínnce
Nó siollaire do sheinnfeadh ceól
...............
3.
Is do gheóbhfaí an cuileann a'fás ann
An pluma breágh árd is a'ubhal
An fhuinnseóg fhada 's a cáig ann
'Gus a'buinne breágh áluinn úr.
Do gheóbhfaí adhmad loingeas is bád ann
Ag imeacht de bharr na dtonn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 70
- Seoladh
- Baile Loc, Co. Chorcaí