Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- A.
Bhí bád ó'n áit seo ag iascach fadó ó shoin. Bhí an lá go bheágh agus do bhíodar ibhfad ó bhaile. Ag teacht isteach dhóibh d'athruig an aimsear d'urchar, gála gaoithe ar a n-agaidhte. Do bhí muintear a'bhaile cois na tuinne afaire ortha ar feadh ibhfad agus iad ag iomramh ar a dtrian-dhícheall a'triall ar a mbaile a dhéanamh.
I ndeire thiar tall do theip ortha a dtalamh a choimead agus do bhíodar ag imeacht chun fairrge gan buidheachas dóibh.
D'inthig duine dá gcuallacht a'triall ar sagart na paróiste sa deire feuchuint a bhfeadfad sé cabhair a thabhairt dóibh. Ní dubhairt an sagart focal chun go raibh an sceál go léir 'niste do, agus do labhair sé annsan. "Imthig leat abhaile" ar seisean "agus ní baoghal dóibh san." Ar shroichint a'tráigh do'n teachtaire do chonnaic sé an bóthar breágh réidh ciún a'dul amach ó'n dtráig agus an t-uisce ar gach taobh de 'na motharaibh fíochmhara fraochmhara. Bhí iongnadh mór ar an bóthar sin do bhí ann mar ní raibh maolú ar bith t'téis teacht ar an stoirm. D'fhan sé a'féachaint air agus níor stad an ród choidhche go ndeaghaidh sé amach druig a bád
Tháinigh an bád abhaile annsan gan beann do chur san stoirm. D'fhan an bóthar mar a raibh sé chun(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí