School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
- XML Page 193
- XML “Fios na bhFrancach”
- XML “Scéilín ina dTaobh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is iongantach an fios a bhíonn ag na francachaibh. Deireann sean-daoine na fairrge nár cailleadh aon ártach riamh agus franncaigh istigh ann. Dá mbeadh íi le cailleamhaint sa turas d'fhágfadh siad í sar a bhfágfadh si a'cuan. Deireann na seana-mhianadóiri a'rud ceadna. Má tá tionóisc le tuitim amach thíos fé thalamh tiochfaidh na franncaigh go léir suas roim ré.
Ta sean-mhianach sa bhaile seo i nDúinín agus do thuit matalong éigin amach ann tímcheall deich mbliadhna is fichid ó shoin. Bíodh sé lán de fhranncacaibh i gcómhnuidhe ach tráthnóna na h-oidhche sin fachathas iad na mílte acha ar dhruim a'tailimh. D'imthig fuireann na h-oidhche síos agus ní rabhadar thios i bhfad, nuair do bhí tuitim-chriadh ann agus gur marbhuigheadh triúr acha. Go ndeinidh Dia trócaire ar a n-anamnachaibh.- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí
- Bhí bean i mBaile Caisleáin fadó ó shoin agus do bhí sí ithte cráidhte ag sluagh mór franncach tímcheall uirthe ga' h-aon lá.
Tharla gur ghaibh fear siubhail a'treó agus d'innis(continues on next page)