School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)

Location:
Ardfield, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 192

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 192

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Page 192
  3. XML “Púca na Cleithe Fada agus Iascairí an Domhnaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    breágh sochair do b’eadh é i gcómhnuidhe roimis sin.
    Ar sroistint a’ cuas dóibh do thóg a’ captaen fód móna a bhí ar lasadh i dtón a’ bháid, mar ba ghnáth an uair sin fód móna a bhreith amach i gcómhnuidhe chun na piopaí a’ dheargadh agus chun cómharthaí a dhéanamh d’aon árthach a bheadh a’ déanamh ortha. Do chaith a’ captaen an fód móna taobh thiar de’n bhád mar [go] a bheadh sé á chaitheamh le rud éigin ach níor labhair sé faic. Do tharraigídear a’ bád agus do rugadar leó abhaile a gcuid éisc.
    Ar maidin amáireach dubharadar leis a’ gcaptaen ná rachaidís amach leis a thuille mara ’neósfadh sé dhóibh goidé a bhí á chrádhadh an oidche roime sin. Ní raibh dul as aige
    “Bhí scúinéar ’nár ndiaidh” ar seisean “ó’n am gur fhágamar a’ charraig agus do bhí fear ’na sheasamh ar a corrthosaigh agus cleath fada á bagairt ’na láimh aige. Bhí gath ’na bharr” ar seisean “agus é ullamh chun tarrach ar mo cheann.
    Bhí sé díreach ós mo chionn anáirde aige ’nuair do chaitheas a’ teine dearg leis agus annsan d’imigh sé ar cheal.”
    Chuadar amach an oidhche ’na dhiaidh sin agus ní fhachadar ao’ ní ná aon oidhche ón oidhche sin amach, ach geallaim-se dhuit nár fhanadar amuigh go maidin a’ Domhnaigh riamh go deó airís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Ó Fínn
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Address
    Dunowen, Co. Cork