Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 175

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 175

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 175
  3. XML “An Gobán Saor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí an Gobán Saor an saor cloiche dob fhearr a bhí i n-Éirinn an am san.
    Do thóg sé a lan cúirteanna i n-Éirinn agus caisleain bhreágha. Níorbh fhéidir buadhachtaint air, go rith a'ráfla idir dhá cheann na h-éireann. Do bhí a'ráfla chómh mór san ar fheabhas a chéarduíochta go bhfuair rí Shasana fios air agus do chuir a'iarraidh air chun go dtógfadh sé caisleán dó.
    Do chuaidh sé féin agus amhach anonn agus seo a' tógaint a'tíghe iad le h-órdú a'ríogh. Do bhí sé nách mór críochnuighthe aige agus do bhí a leithéad sin de mhórdháil ar a'rí na thaobh go raibh eagla air go dtógfadh a'Gobán ao' chúirt eile agus go mbeadh sé chómh breágh le n-a chúirt féin agus do cuireadh cogar ar bun le h-iad a mharbú.
    Do fuair a'Gobán faisnéis éigin air agus dubhairt sé leis a'rí ná feadfadh sé a'caisleán do chríocnú, go raibh uairlis nheag i nÉirinn 'na dhiaidh agus dá mbeadh sé aige go mbeadh sé ar muinín na muice. D'fhreagair a'rí go gcuirfeadh sé a mhac, mac a'rí, á iarraidh 'fáin ná leagfaí é féin anall i nao'chor. Nuair abhí mac a'rí ullamh chun teacht, dubhairt a'Gobán leis go dtabharfadh a bhean an úirlis dó agus gurbh é an ainm a bhí uirthi,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Innéacs seanscéalta
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Fínn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 50
    Seoladh
    Dún Eoghain, Co. Chorcaí