School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)

Location:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 219

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 219

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Page 219
  3. XML “Na Daoine Maithe”
  4. XML “An Fear a D'imigh leis na Daoine Maithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chómh luath agus dob' fhéidir leis é feucaint a cneasófaí é féinigh. Bhí sé a'dul ann ar feadh trí h-oidhche agus níor airgh sé focal. An ceathrú oidhche d'airigh sé an ceól agus cuaidh sé ar a thóir gur tháinig sé ós a gcionn anáirde. Bhí an t-amhrán ceadna ar siúbhal ach, "De Luain, De Máirt, Dé Céadaoin leis" agus d'fhreagair sé íad amuigh - "Dé Lúain, Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Dé Diardaoin leis." Ar ball na mbonn d'airigh sé an glór feargach istig "Cé loit an t-amhrán?" "Do loiteas é" arsan fear amuigh. Thánadar amach agus d'fheachadar air go bagarthach agus i n-iomad é a cneasú is amhlaidh a bhí dhá chnopóig curtha air aacha a'dul abhaile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear tímcheall na h-áite seo fadó ó shoin agus d'imthígheadh sé leis na "daoine maithe" ó thráth go tráth pé chuma go bhfuaireadar greim air. Thagadh sé abhaile go lán minic t'réis na h-oidhche agus cúrsaí fada annróch triobaileóideacha curtha dhé t'réis bheith 'na dteannta.
    bhí fhios ar leigheasannaibh a'domhan aige. Bhí fhios aige ar ga' h-aon ortha go raibh leigheas a' bainnt leis agus bhí cruinn-eólas aige ar na piseógaibh go léir.
    Aoinne a bheadh bróite do neósfadh sé dhóibh a' rabhadar chun bás d'fhagháil nó ná rabhadar. Bhí sé lá sa bhaile mhór a' cainnt le cómharsain agus do bhí fear óg láidir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Ó Fínn
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Address
    Dún Eoghain, Co. Chorcaí