Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ardfield, Co. Cork
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 220

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 220

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 220
  3. XML “An Fear a D'imigh leis na Daoine Maithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i n-aice leis. "A bhfeicir a' fear san?" ar seisean leis a' gcómharsan. "Tá sé san slaneamhail indiu agus beidh sé fé'n gcré i gcionn seachtaine" B'fhíor do, bhí an fear curtha mar adubhairt sé i gcionn na seachtaine. D'fhiafruigh duine éigin de tráth cad 'na thaobh ná thabharfadh sé suas an ceard san, 'sé sin a bheith a'gabhail leis na daoine maithe agus d'fhreagair sé nárbh fhéisir dho é go fóill, go glaoidfí a gheasa oidhche áirithe. 'Nuair a tháinig an oidhche sin dubhairt sé muintir a'bhaile go bhfuighidís i mball áirithe é ar an maidin amáirach agus go mbeadh se scartha le na daoine maithe beó nó marbh. B'fhíor dó. Fuaireadar ar maidin é agus é droch-usáidthe go maith t'réis na h-oidhche. Dubhairt sé gur driotháir do, a bhí t'réis bás d'fhagháil i Meirice, do shábháil é. Ní raibh bainnt aige leó 'na dhiadh sin.
    Tráth go raibh sé a'cainnt le cómharsan dubhairt sé nách ghádh d'aoinne eagle a bheith air roimh na daoine maithe go deó ach slighe a fhágaint idir a dheis-láimh agus a' claoidhe ag siúbhal do.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Fínn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 50
    Seoladh
    Dunowen, Co. Cork