Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 150

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 150

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 150
  3. XML “Léim Bairbre agus Cath Trá Gainiú”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá sean-chaisleán i n-oileán Dhún Déaghda go dtugtar Caisleán Dún Déaghda air. Sean-chaisleán í gur tógadh nuair do bhí an tuagh, an t-sleagh, is an claidheamh ar na gléasa dob' fhearr chun troide. Tá sé tagaithe anuas ó ghlúin go glúin gur chomhnuig taoiseach de mhuintir De Barra Ruadh ann fadó ó shoin. Bhí roinne mhór tailimh aige siar ó dheas tímcheall a'chaisleáin agus do choimeád sé sluagh mór saighdiúirí ann i gcómhnuidhe chun é a chosaint ó mhuir is tír.
    Do bhí namhaid aige i gcríochaibh meadhonacha Chorcaighe gurab' ainm do De Barra Bán, agus do bhíodar (a' faire) araon a' faire ar a chéile ar feadh i bhfad aimsire.
    Thráth gur dhein an Bharrach Ruadh éagóir éigin ar cheann d'á shaighdiuiribh, d'iompuig sé 'na fheallaire agus níor stad riamh de gur bhain sé amach caisleán a'Bharraigh Bháin agus gur innis sé dho a chúrsa. Bhí fáilte roimis gan dabht. Gheall sé do'n Bharrach go dtabharfadh sé gach congnamh do chun a'chaisleán a thógaint agus go throidfeadh sé féin 'na theannta.
    Do ghéill se dho go tapaidh agus do ceapadh lá gabhála a'chaisléain.
    Bhí capall ag an mBarrach Ruadh darab' ainm Bairbre go raibh draoidheacht éigin á leanamhaint. Ní rachadh sí ag inbhear i n-ao' pháirc sa dúthaig ach ar dhá chill a bhí n nDún
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Fínn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 50
    Seoladh
    Dún Eoghain, Co. Chorcaí