Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 151

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 151
  3. XML “Léim Bairbre agus Cath Trá Gainiú”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Eóghain tímcheall míle go leith ó'n gcaisleán ná ní ólfadh sí braon uisge in-ao' bhall ach as a'dtobar sin i nGainimh go dtugtar Tobairín na Daonachta air agus bhí sé ráidhte dá bhfágfaí oidche gan féar na gcill nó gan uisge a'tobairín í go bhfuigheadh sí bás láithreach ar chur cos dí ar thalamh an oileáin.
    An maidean áirithe seo go raibh an Bharrach Bán is a shlóighte a'teacht fé dhéin a'chaisleán d'imig De Barra Ruadh lena chapall chun na cille. T'réis í leagaint ag inbhear bhí tuirse éigin ar féinigh is do thuit sé 'na chodhladh. Ní raibh sé ibhfad ann 'nuair a dhuisig a'capall é. Tháinig scannradh air mar bhí fhios aige go raibh éigin tuitithe amach. Do léim sé 'na sheasamh agus d'fheach sé siar ar a'gcaisleán is do chonnaic sé slóighte a' Bharraig Bháin a'dhéanamh air. Tháinig sé de phreib air gur dhein a shaighdiúir féin feallaireacht air. Do léim sé ar a'gcapall agus is uirthe ná raibh ao'leisge a'déanamh air a'gcaisleán ar a chosanáirde. Ar shroisint a'tobairín di do thabhair sí fé stad ach ní lámháladh an marcach di é. Ar theacht i bhfoigse do'n chaisleán do bhí a namhaid buailte leis agus ní féidir do dul isteach. Ní raibh ao'seans aige annsan ach goilín leathan a léim agus an t-uisge doimhin fé n-a bhun. Do thriall sé a'léim agus do tháinig sé sábhalta ar a'dtaobh eile.
    D'fhág a'capall rian a crúdh ar a'gcarraig ach má dhein bhí sí chómh marbh le h-Art ar ball mar níor leag an Barrach di uisge a'tobairín d'ól sa tslighe doibh toisg an deabhadh mór do bheith air.
    Go dtí a'lá sa tugtar "léim Bairbre" ar a'léim sin do thug a'capall agus tá rian na gcrúdh ann le feicsint fós.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Fínn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 50
    Seoladh
    Dún Eoghain, Co. Chorcaí