Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 152](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0316%2FCBES_0316_152.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 152
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
- XML Leathanach 152
- XML “Léim Bairbre agus Cath Trá Gainiú”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí cathú a'chroidhe air i ndiaidh Bhairbre ach do chaith sé dul i gcoinnibh a namad. tháinig sé isteach ó'n dtaobh aniar de'n chaisleán agus bhí nách mór buaidhte ar a mhuintir féin mar ná raibh aoinne 'na mbun chun órduighthe a thabhairt dóibh.
Do cailleadh go leór ar gach taobh ach i gceann tamaill 'nuair airigh na cómharsain an troid, do bhí duine is daoine a'teacht agus i ndeire thiar thall do thiomáineadar a'namaid amach as a'gcaisleán. Do bhuaileadar rómpa iad ar fead míle agus annsan ar ghuaire mór atá i nGainimh cois Trágha Gainiú do sheasadar an fód airis agus do dheineadh díothláiriúghadh ann.
Roinnte bliadhanta 'na dhiaidh sin 'nuair a bhí an ghainimh á tarrach i dtruchaillibh ón áit sin do fuaireadh claimhdhte agus sleaghta agus creatlaigh go tuigh ann.
Do buadhadh ar an mBarrach mBán annso agus do bhuaileadr rómpa airís iad suas leacha Bhéil a'Bháidh agus annsan 'seadh buaileadh an buile deireannach. Do dhein a'bheirt síothcháin agus b'íad corra na síothchána sa ná gan aoinne acha chur isteach ar an nduine eile go bráth airís.
Tugtar Mullach na Síothchána ar a'gcnoc san, ar a deineadh an t-síothchán, riamh ó shoin.- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí