Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 213

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 213

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 213
  3. XML “Cnocán an Chrochaire”
  4. XML “Fear Ólta Tobach ar an gCarraig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá cnocán ar a' mbaile seo go dtugtar Cnocán a' Crocaire air. Is amhlaidh do bhí fear á fhiadhach ag na "yeomen" aimsir nóchad ocht agus do rugadh air tímcheall na h-áite seo agus do crochadh ar crann é ar thaobh a'bhóthair. Riamh ó shoin 'nuair a bítear a'siúbhal thar an áit sin deineann an coiscéim fothrom mór ar feadh atrí nó a cheithre de shlataibh. Dá mbeifeá a'siúbhal ann oidhche brheágh chúin d'aireóchfaí mach-alla na' choiscéime ceathrú míle ón áit sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bíodh criú a'dul ag iascach ón áit seo ga'h-aon oidhche fadó ó shoin. Bhí duine ortha agus bhí sé an-chiochrach chun tabach. Bhí sé bocht agus is annamh riamh do bhíodh a dhóithin aige agus do bhíodh sé an-táthaireacht ar a'gcuid eile de'n criú go lán minic.
    Ins an am san do bhíodh fear 'na shuidhe ar charraig ar thaobh a chuais ar fead i bhfad bliain agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Fínn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 50
    Seoladh
    Dún Eoghain, Co. Chorcaí