Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
- XML Leathanach 166
- XML “An Fáth go Raibh na Ba gan Bhainne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I mbaile Fhearainn do chómhnuigh feirmeóir tímcheall céad blian ó shoin. Do bhí go leór stuic is bó bhleachta aige. Maidin áirithe thug sé fé ndeara na raibh a'chuid bainne ag na buaibh is ba cheart a bheith. Níor ghéill sé dhó an chéad mhaidin ach do thárla a'rud céadna ga'h-aon mhainin ar feadh seachtmhaine. I ndeire thiar thall dubhairt sé leis féin go mbeadh fhios aige an oidhche seo cé bhí a'crú na mbó.
Ghléas sé é féin suas i gcóir na h-oidhche agus do rug sé maide droighin leis agus chuaidh sé thaobh thiar de chlaidhe na páirce go raibh na ba. "Ní thiocfaidh aoinne 'nbhúr ngoire anocht: ar seisean leis féin "i gan fhios dómhsa." Bhí an oidhche fuar scuabach garbh. D'fan sé ann ar feadh dhá uaire a chluig agus ní raibh aoinne a'teacht. "Tá fuar agam bheith a'fanamhaint" ar seisean agus bhí sé díreach ceapaithe ar dul abhaile 'nuair a chonnaic sé an rud mar a bheadh liathróid bán a'teacht isteach sa pháirc agus a'dul fé dhéin na mbó. D'fhan sé mar a raibh sé ar feadh tamaill chun go bhfeacha sé a'rud bán a'dul i n-achrann i n-úth ba .
B'eo sa t-siubhal annsan é agus a mhaide ullamh aige chun tarrach air. 'Nuair a chonnaic a'rud é chur sí di chómh tuigh is do bh'féidir léi é ach ní ao' coisídheacht mór aice agus do bhí fear na mbó uirthe d'urchar. Do chrom sé ar tarrach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Finn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí