Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann uair amháin go raibh cnopóg 'na goithire crothanta uaidh.
Oidhche agus é a'teacht ó bheith ag imirt cártaí bhí air gabháil that lios. Ag teacht tríd dhó d'airigh sé an glór go léir mar a bheadh amhrán. Bhí an glór a'dul i soiléreacht ga' h-aon choiscéim do chun gur tháinig sé ós a gcionn anáirde. D'fhan sé ag éisteacht leis agus is é a bhí á rádh acha ná "Dé Luain, Dé Máirt; Dé Luain, De Máirt; Dé Luain, Dé Máirt." Do labhair sé féin amuigh "Dé Luain, Dé Máirt is Dé Céadaoin leis."
Ba ghearr gur labhair duine ó'n dtaobh istig "Cé shochruig an t-amhrán?" ar seisean. "Mise" arsan fear amuigh.
Thánadar amach agus d'fheachadar air. Bhíodar lán buidheach de agus d'fhiafruigheadar an fada go raibh an cnopóg san ar a dhrom. "Tá sé riamh oram" ar seisean. "Ní bheidh sé a thuile ort, má's eadh arsa duine de mhuintear a'leasa. Tháinigh sé abhaile agus é chómh díreach le h-aon fhear riamh.
D'airigh muintear a'bhaile go léir mar gheall air agus bhí fear eile sa bhaile go raibh a' t-umárd chéadna air agus dubhairt sé go raghadh sé féin dhéin a'leasa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí