Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 221

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 221

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 221
  3. XML “Séan na Coise Noicht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do mhair lánamham bocht i ngar d'on bhaile seo tímcheall céad bliain ó shoin.
    Bhíodar gátarach go leór agus ní raibh fhios acha cad a dheanafaidís chun biadh d'fhagháil.
    Maidin Domhnach dubhairt a'fear le n'a mhnaoi go raibh sé ar aigne luighe isteach le creideamh a' t'Sasanaigh nó go bhfuigheadh sé cabhair éigin uatha. Ní raibh a bhean ar a thaobh annsan. Dubhairt sí leis gurb fhearr léi féinig bás d'fhagháil ná a leithéid sin a dhéanamh agus go raibh súil aice i gchómhnuidhe go dtabharfadh Dia na Glóire cabhair éigin dóibh i ndeire.
    Tháinig a'Domhnach agus b'eo a'fear bocht fé dhéin a'teampaill. 'Nuair a shroich sé a'doras bhí sollamhain éigin ar siúbhal agus tháinig lachráiste (leath-charaiste) air.
    Bhí cos leis ar gach taobh de'n d-táirsigh agus ní fheadar sé a dtarraigfeadh sé that n-ais an chéad cos airis nó a shádhfadh sé isteach an cos eile. Sa deire dubhairt sé leis féin pé chuma go n-éireóchadh leis ná bheadh ao' bhainnt aige leó. D'fhill sé abhaile go lag-ocrach agus é a' machtnamh go trian. "Tá cos liom i n-Ifreann pé scéal é" ar seisean leis féin "pé ball go bhfuil a'ceann eile."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Fínn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 50
    Seoladh
    Dún Eoghain, Co. Chorcaí