Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 183

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 183

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 183
  3. XML “Na hAmadáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí feirmeóir bocht ann agus a bhean agus bhí aon inghean amháin acha. Do phós an inghean agus do tháinig fear óg cliamhain isteach chucha.
    Tamaill t'réis iad a phósadh do bhí an bhean óg 'na suidhe ag a'teine agus d'fheach sí suas a' t-sinné agus má dhein bhí sceón 'na súilibh ar ball agus d'fháisc sí ar gol. Bhí na gualaineacha an-láidir ins na sean-tighibh agus do bhí leach amach ar fad sa cheann seo. 'Nuair d'fáisc an inghean a ghol tháinig a mháthair cuiche agus d'fhiafruigh sí di cad abhí a'cur uirthe.
    "A mhama" ar sise "féach anáirde an leach sin agus 'nuair a bheidh a'lanbh ar a' dtínteán tuitfidh sé anuas air agus marbhóchfar é" "Ó Dia linn" arsan máithir "tá ceart agat". Seo isteach an seanduine agus d'fhiafruig sé dóibh cad na thaobh go rabhadar ag gol agus d'inniseadar dhó. D'fheach sé anáirde. "Ceart agat a laogh" ar seisean agus d'fháisg sé ar gol. Seo an triúr a'gol go fuigheach annsan agus tháinig an fear óg isteach. Chuir sé ceist ortha ach bhí an brón chómh mór san ortha ná feadfaidís é a fhreagairt.
    I ndeire na báire bhain an seanduine searradh as féin agus d'innis sé fáth a ngolairt do'n fear óg.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1210: The Cow is Taken to the Roof to Graze
    AT1384: The Husband Hunts Three Persons as Stupid as his Wife
    AT1450: Clever Elsie
    AT1540: The Student from Paradise (Paris)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Baile Loc, Co. Chorcaí