Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 180

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 180

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 180
  3. XML “Amhrán Grá”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán Grá

    A'doras tíghe siopa a chonnach-sa an stáir-bean

    1.
    A'doras tíghe siopa a chonnach-sa an stáir-bhean
    Ba dheise is ba bhreágha is dob' mhaordhuídhe cló
    Do dheineas na coinne le'n iomarca grádha dhí
    Is do leaga mo lámh ar a bán sine seó.
    Do thugas-sa cogar di go doras tíghe tábhairne
    Mar a raibh gloine 'gus cáirt 'na h-ólfaí dá cló.
    'Sé dubhairt sí "fan socair is go glaodhfad ar mo mháithrín
    Is go dtagaidh sí i láthair me fáilte mhór.
    2.
    Ara a cholúir gil 'sa chumair na bac-se do mháithrín
    Is cuirfeam-ne ár gcás i dtrácht go fóill
    'Fáin siúbhlaigh liomsa amach ins na bánta
    Chun go gcloisfeam' go h-árd na gáirí eóin.
    Mar a bheidh meitheal breágh d'fhearaibh ar maidin 'na léinte
    Agus seisearach capall a tarrach le céile
    Agus sinn ar ár leabaidh a'taitneamh dá chéile
    Is go gcasfam' araon na géana rómhainn.
    3.
    Sin rud ná taithneann ar maidin liom féinigh
    Sciodach na géana agus géim na bó
    Mo mheitheal breágh d'fhearaibh ar maidin na léine
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 70
    Seoladh
    Bealacoosheen Cove, Co. Chorcaí