Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An ghaoth aduaidh bíonn sí cruaidh;
cuireann sí fuacht ar seandaoine,
An ghaoth anoir bíonn sí tirim;
cuireann sí sioch san oidhche,
An ghaoth andeas bíonn sí tais;
cuireann sí rath ar síoltaibh,
An ghaoth aniar bíonn sí trían;
cuireann sí íasc ar líonta.- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí
(gan teideal)
“Bacach a bhí cortha cráidhte agus an oidhche a'teacht air.”
Bacach a bhí cortha cráidhte agus an oidhche a'teacht air. Chuaidh sé isteach go tig feirmeóra agus seo mar a labhair:
"Tá an bóthar fada agus an oidhche dubh
Agus cad é an chómhairle a thabhairfir?"
Ní raibh fáilte roimis agus seo mar d'fhreagair an feirmeóir é:
"Tá an oidhche fada agus tá an bóthar breágh
Ach mar sin féin fan go lá"- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí