School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Beirt chómharsa dob' eadh Seán is Páid. Bhíodar an-mhuinteardha agus go minic ag ól i dteannnta a chéile.
Thráth go rabhadar ag ól i dtig a' tábhairne a'tSléibhe, bhí an oidhche an-dhorcha agus iad a'dul abhaile tímcheall a deich a'chlog.
Bhí tig Sheáin sa t-slíghe dhóibh cois na tuinne agus do rug sé Paid leis is iad a'gabháil thairis chun go mbeadh cupán té acha i gcómhluadar a chéile. Chuaidh Páid leis, d'óladar a'té, agus d'fhanadar a'seanachaidheacht taimillín 'na dhiadh sin.
Dubhairt Páid i ndeire go raibh am baile ann agus go raibh sé leath-dheireanach. Chuaidh Seán amach 'na theannta a'tabhairt slán beó dhó. "Ó'se go deimhin a Phaid" arsa Seán amuigh, "ní leagfad-sa abhaile thú id aonair an tacha sa oidhche."
D'imigh a'bheirt siar i bhfochair a chéile go tig Pheaid a bhí tímcheall míle go-leith ó thigh Sheáin. Dheineadar beaghán moille annsan agus adubhairt Séán gur mhithid dó bheith a'dul abhaile go gcaithfeadh sé bheith ag iascaireacht go grod ar maidin. Chuaidh Paid amach 'na theannta agus má chuaidh ní leagfadh sé abhaile 'na n-aonair é agus do thainig a'bheirt go tig Sheáin arís. Bhí a trí nó a ceithre turais anonn is anall tabhartha ach, agus a mboilig lán de phórtar, sar ar oscail a'lá agus gheallaim dhuit go raibh an meisce imighthe go maith asta annasan.- Informant
- Donnchadh Ó Finn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí