School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'aontuigh sí le sin. 'Nuair do shroich sé an baile bhí sé droch-úsaidte a dhóithin. Do ghléus sé é féin 'na cóir airís agus chuaidh sé fé na dhéin. Bhí sí roimis mar ar fhág sé í agus do cheistigh sé í go géar. Chuir sé 'na splanc san aer í go dtí bun na Fairrge Dearga a' taoscadh gainiú go dtí la deire a' t-saoghail.
Do chomhnuigh spiorad eile lastuaidh de sin, i gCamus leis, acht ní raibh sí leath chomh h-olc le Máire.
Aon oidhche amháin, do bhí Spioraid a' Camuis a' fiadhach duine éigin agus do caith se dul isteach i n-abhainn uaithe. Do léim sé amach ar a' dtaobh eile agus cad a chífeadh sé ach a' spioraid eile. "á" ar sise "tá'n tú agam sa deire". Níor dhein an fear bocht ach léimrigh isteach san uisge airís. Bhí spioraid ar gach taobh annsan agus do chaith sé fanamhaint istigh ann go breachadh an lae gur imthigheadar san abhaile.- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí