School: Gleann Beithe
- Location:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Teacher: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe
- XML Page 461
- XML “Bia na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Deinidís cístí min coirce leis.
Cuiridís an coirce agus deinidís é meilt le bró.
Ansan bíodh min coirce fágtha acu insan mbraitlín agus deinidís arán min coirce. Beirbuiighidís é leis agus deinidís praiseach. Bíodh uibhe acu agus díolaidís iad cun airgid do dhéunamh.
Deinidís stampaí.
Roimh an Nodlaig théighidís go dtí an mbaile agus ceannuighidís taé - púnt nó leath-púnt.
Oidhce Nodlag cuiridís síos corcán uisge ar an dteine. Nuair a bhíodh sé beirbthe cuiridís dornán taé isteach 'san gcorcán. Bíodh corcán mór taé acu.
Cuiridís an corcán i lár an úrláir agus bailighidís go léir timcheall air agus thógaidís muga nó sáspan de agus áthas ortha. Bíodh arán plúr acu i gcóir na Nodlag i gcomhnuidhe.
Gheibhidís feóil i cuid des na tighthibh gach Domhnach.
Marbuigheadh na feirmeóirí saidhbhre muca agus ba 'san nGeimhreadh cun úsáid dóibh féinig.Nóra Ní Ríoghardáin,
Cill na mBreac,
Gleann Beithe.- Collector
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Gender
- Female
- Address
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Informant
- Seán Ó Riordáin
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- An Curraichín, Co. Chiarraí