School: Gleann Beithe
- Location:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Teacher: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe
- XML Page 435
- XML “Díshealbhuithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dith-Sealbhughadh.Ainm an Aithriseóra: Seán M. Ó Riordáin,
A Seoladh: Curraicín, Gleann Beithe.
A Aois: 75 bl.Ó'n mbliain 1880 go 1890 bhí na dith-sealbhugihthe in Gleann Beithe.
Cuireadh na dtighearnaí Gallda cíos árd ar na daoinibh. Ní díolaidís ach an leath de. Cuireadar amach as a dtalamhantaí agus a dtighthibh iad. Dhoghadar agus leagadar na tighthe agus dá bhfaighidís aon stoc ar an dtalamh thugaidís próces dóibh agus cuiridís pianáil ortha agus má ná dhíolaidís an pianáil cuiridís go priosún iad.
Do cuiridís a lán daoine as seilbh a dtalmhantaí. agus a dtighthe.
Muirear amháin do beadh muinntir Duigín ó Drom. Ní rabhadar abálta aon cíos do dhíol mar bhíodar bocht.
Cuireadh amach ar thaoibh an bhóthair iad agus an fearthainn ag tuitim na taoisgeannaibh ortha.
Bhí na báillí ag faire ortha agus piléirí i n-aoinfeacht leó i dtreó is ní rabhadar abálta dul isteach arís i gcóir na h-oidhche.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Gender
- Female
- Address
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Informant
- Sean M. O Riordáin
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- An Curraichín, Co. Chiarraí