Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Comharthaí Aimsire

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 325

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Comharthaí Aimsire

Ainm an aithriseóra: Bean Uí Gráda.
A Seoladh: Cill na mBreac, Gleann Beithe.
A Aois: 81 bl.
Tá a lán chómharthaí aimsire ag baint leis an spéir, leis an ngealaigh, agus leis an ngaoith, leis an bhfairrghe, leis na h-éanlaithibh agus al.
Nuair a bhíonn na sgamhaill ag rith treasna na spéire agus nuair a bhíonn creachail mór timcheall na gealaighe beidh báisteach againn.
Má bhíonn dáth dearg ar an spéir ins an samhradh beidh aimsear breagh grianmhar againn agus nuair a bhíonn an dath dearg ann sán ngeimhreadh beidh aimsear stoirmeach againn.
Seo rádh mar geall ar an aimsir.
Dá thapúla an bháisteach is tapúla a stadhann sé.
Nuair a séidheann an ghaoth anoir annso beidh aimsear ana fhuar againn agus más í an ghaoth adhtuaidh beidh sioc agus sneachtha againn agus tughann an ghaoth aniar nó andheas báisteach agus stoirm chughainn.
Nuair a thagann na faoileáin ón bhfarraighe agus gach aon béic aca beidh fearthainn agus aimhsear olc againn agus nuair a thagainn na géana fhiadhna go dtí an talamh ní beidh aimsear breágh againn. nuair eitileann siad í dtreó na fairrge beidh aimsear

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Brighidh Ní Súilleabháin
Inscne
baineann
Seoladh
An Chora, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Bean Uí Gráda
Inscne
baineann
Aois
81
Seoladh
Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge