Scoil: Árd Aoibhinn

Suíomh:
An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Dll. De Grás
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0018, Leathanach 169

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0018, Leathanach 169

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Aoibhinn
  2. XML Leathanach 169
  3. XML “Aiste - Pisreoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sin ar feadh an lae sin ar fad.
    Má fhágann an garadóir iomaire gan prátaí, nó gan aon rud a chur ann i measc na n-iomairí eile go léir, i ngan fhios dó féin, beidh bás i dteach an duine gur leis an gáirdín.
    Má phósann beirt duine as aon teach amháin ins an bhliadhain chéadna, gheobhfaidh ceann aca bás; 'sé sin ceann de na drithiúireacha (?)
    Má thagann duine ar bith isteach i dteach i n-a mbíonn na daoine ag déanamh maistridh, ní ceart é a leigint amach gan cabhrú leis an maistreadhán agus muna gcabhruigheann sé leis an maistreadh, deirtear go dtógann sé an t-im go léir abhaile leis.
    Nuair a bhíonn duine ag déanamh maistridh is ceart cúpla gríosaí a chur faoi'n gcuinneóig.
    Má nigheann duine a chosa tar éis clap-sholais, ní ceart an t-uisge a chaiteamh amach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac Oireachtaigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Brighid Nic Oireachtaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann na Madadh, Co. na Gaillimhe