Scoil: Árd Aoibhinn

Suíomh:
An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Dll. De Grás
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0018, Leathanach 101

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0018, Leathanach 101

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Aoibhinn
  2. XML Leathanach 101
  3. XML “Bréagáin agus Caithimh Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhíonn a lán ama agam sé an caitheam aimsire is fearr liom ná bheith ag léigheamh labhair sgéalta. Na daoine a bhí
    ann fadó sé an caitheamh aimsire is fearr leó ná bheith ag déanamh babóg nó ag súgradh. Bhíodh siad ag déanamh lúrabog agus lárabog. Seo iad na focla a ndubhairt siad. Lúrabog, lárabog, liúram bhuidhe buidhe Uí Néill. Néillim Priobáin. Priobán Súileach, Súilidhe seicneach. Seicnidhe Mulláin. Áth Mullán. Mulláin Iatheighe. Cúl na gcailleach, agus Steach na bplaiceach.
    Bhíodh siad ag déanamh siamsa. Bhíodh cuid aca ag déanamh babóg. 'Sé an chaoi a ndéantar na babóga ná; fata a fhághail agus dhá shúil a chur ar an bhfata. Annsin do chuir na páistí béilín beag dearg, agus sróinín bheag dhearg agus cloigeann ar an bhfata. Gheóbhfadh siad dhá phíosa adhmaid agus cuirtear dhá láimh ins an bhpráta. Cuireadh siad dhá phíosa adhmaid le h-aghaid an chuirp. Do chuireadh siad cóca bán air agus caipín agus bróga. Bhíodh na páistí dhá rádh annsin. "Óra mo babógín. Ó is óró mo bhabógín"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Sheóighigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Choileáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Coillte Fada, Co. na Gaillimhe