Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 081

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 081

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maighros
  2. XML Leathanach 081
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Ós a Chríost nár mór an áileacht i Pucán Mhicil Pháidín...

    Ós a Chríost nár mór an áileacht i Pucán Mhicil Phaidín
    An lá sheol sí amach as Árainn ar árduigh sí an crann nua
    In aghaidh fairrgí agus gála is na fairrgí bhí sí cháthadh
    Go dtiocfadh sé 'na ghála ar dhá thaobh an chuain.
    Ní raibh samhail ar bith le fághail aice ach ar nós an bhradáin
    'Bhíonn ag teitheadh ó'n a námhaidis nár spáráil ariamh siubhal
    Nár b'fhearr liom innte seoladh lá fairrgí agus feochan
    Ná a imtheacht ar na bóithribh i gcóiste nó ar carr.
    Nach cuimhneach libh an lá úd ar fhág sí amach céibh Charna
    Nuair a bhí sí ag dul 'un geallta is é 'na ghála mhór
    Nuair a tharraing sí cois gaoithe ag dul síos ag Leac na gCaorach
    An fhairrge a bhí 'na timcheall bhí sé ag imtheacht ina cheo.
    Bhí tuairim is míle daoine cruinn ar dhruim an Mhaoilín
    Mar bhí púcán "Baibsín" roimpe agus í molta na bád seoil
    Ach séard dubhairt "Casey" Mhuighnse nuair a ghlan sí Cruach na Caoile
    Go raibh sí fós le déanamh ceall bád a bhuailfeadh í sa tsiubhal.
    Nach i gCloch na Rón lá'r na bháireach lá fairrgí agus gála
    A d'orduigh sagart Charna iad a chur go Sgeirde Mór
    Is ní raibh ceachtar de na naoi gcinn timcheall Cruach na Caoile
    Nuair a bhí bád seoil Mhuighnse stróicthe is cuid fear i dteach an óil.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhonnchada
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Sean Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Maíros, Co. na Gaillimhe