Ós a Chríost nár mór an áileacht i Pucán Mhicil Phaidín An lá sheol sí amach as Árainn ar árduigh sí an crann nua In aghaidh fairrgí agus gála is na fairrgí bhí sí cháthadh Go dtiocfadh sé 'na ghála ar dhá thaobh an chuain. Ní raibh samhail ar bith le fághail aice ach ar nós an bhradáin 'Bhíonn ag teitheadh ó'n a námhaidis nár spáráil ariamh siubhal Nár b'fhearr liom innte seoladh lá fairrgí agus feochan Ná a imtheacht ar na bóithribh i gcóiste nó ar carr. Nach cuimhneach libh an lá úd ar fhág sí amach céibh Charna Nuair a bhí sí ag dul 'un geallta is é 'na ghála mhór Nuair a tharraing sí cois gaoithe ag dul síos ag Leac na gCaorach An fhairrge a bhí 'na timcheall bhí sé ag imtheacht ina cheo. Bhí tuairim is míle daoine cruinn ar dhruim an Mhaoilín Mar bhí púcán "Baibsín" roimpe agus í molta na bád seoil Ach séard dubhairt "Casey" Mhuighnse nuair a ghlan sí Cruach na Caoile Go raibh sí fós le déanamh ceall bád a bhuailfeadh í sa tsiubhal. Nach i gCloch na Rón lá'r na bháireach lá fairrgí agus gála A d'orduigh sagart Charna iad a chur go Sgeirde Mór Is ní raibh ceachtar de na naoi gcinn timcheall Cruach na Caoile Nuair a bhí bád seoil Mhuighnse stróicthe is cuid fear i dteach an óil.Máire Ní Chonghaile