Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Maighros | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 080

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Amhrán an Tae (ar lean)

Tráthnóna Dia h-Aoine ag dul faoí don ghréim
(ar lean ón leathanach roimhe)

IV
D’imigh tú cheana agus tháinig tú aríst,
Ní fhaca muid agat coróinn, sgilling nó piginn
Luigh tú ar do leaba agus t-easnacaí tinn,
Is an slaghdán go domhain in do chnámha.
Nóra: fear as cloch na Rón a chum an t-amhrán seo. Bí lánamha ina gcómhniudhe I gCloch na Rón agus bíod siadag triod amuigh is istigh faoí tae. Chuala an fear é seo agus chúig sé an t-amrán fútha.
Ainm: stiophán Mac Gloinn
Seoladh: Maigros, Cárna
Ainm an t-seancaidhe: Beartla Guairim
Soladh: leitir-Ard, Cárna

Bailitheoir
Stiophán Mac Gloinn
Inscne
fireann
Seoladh
Maíros, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Beartla Guairim
Inscne
fireann
Seoladh
Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge