School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Location:
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé in á thimcheall agus cad á bhéadh ann acht fear mór millteach agus é cómh h-árd le fata[ch?] de réir cosamhaileachta. Níor labhair an fear mór ar feadh sgathaimh acht d' fhan sé ag féachaint ar an bhfhear eile. In dheire na dálach [?] d´ árduigh sé á ghuth agus dúbhairt. "Tá pot[a] óir í bhfholach san áit seo "ar seisean" ag síneadh á mhéire ar an áit in á raib an t- ór. Tar annseo an úair seo oidhche amáirigh agus gheobhfhaidh tú é. D' imthigh an fear abhaile mar fear sanntach do bhí ann agus ní raibh uaidh acht gaoth an fhochail. Abhaile leis ar fud na bhfud. An oidhche amáirigh níor dhein sé deármad ar theacht go dtí an áit. Bhí láighe aige agus píc agus thosuigh sé ag útamáil. Bhí sé mí - fhoighdeach ag feitheamh lei[s] an óir do theacht chuige. Ar dheireadh thíar thall fúair sé an t- ór. Bhí sé istigh í bpota mhór dhoimhin. Bhí an pota lán go béal. Thóg sé aníos ó'n dtalamh é agus ar chasadh na láimhe bhí sé sa bhaile.
Cúpla oidhche tar éis sin bhí an fear ag siúbhal ar an mbóthar. Ní ra[ibh] áit an óir í bhfhad o'n mbóthar. Chúala sé gu[th] mná ar á dtugtar an Bhean Sighe uaidh. Isteach leis thar an chlaidhe. Ní raibh duine(continues on next page)- Collector
- Máire Uí Laoghaire
- Gender
- Female
- Address
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Padruigh Ó Laoghaire
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe