School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Location:
Kinvarra, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0049, Page 0061

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0049, Page 0061

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
  2. XML Page 0061
  3. XML “Aire Ár nAinmhithe Tís”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Áire Ár n-ainmhidhthe Tighis
    Is beag feirmeóir ar fúaid na dúthaighe nach bhfuil sórt eigin ainmhidhthe acú. Tá dhá shaghas ainmhidhthe ann mar atá, ainmhidhthe tighis agus ainmhidhthe feirmeach.
    Tá cuid mhaith ainmhidhthe againn sa bhaile mar atá, bó, capall, sgata caora agus much againn. Deireann m'athair "Thó "Thó" leis na búaibh núair a bhíonn sé á dtiomáint chun na páirce agus o'n bpáirc.
    Tá teach againn taobh amuigh de'n tigh cómhnaidhthe in a gcruidtear na ba. Cró na mbó á tugtar air. Núair a bhíonn m'athair chun na bó do chrúidh gheibheann sé píosa rópa agus ceanglann sé timcheall cosa an bhó íad. Ní bhíonn sí indhan corruighe annsin go mbíonn sí crúidhte aige. Bionn pictiúr "An Croidhe Naomhtha Iosa" crochta ar bhalla tighe na mbó againn chun ádha a thabhairt do'n stoc.
    Núair a bhíonn an bhó crúidhthe ag m'athair cuireann sé figiúr na croise ar dhruim an bhó le'n á urdóig. Tá teach eile againn inaice le teach an bhó. Stábla
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Uí Laoghaire
    Gender
    Female
    Address
    Kinvarra, Co. Galway
    Informant
    Pádhruig Ó Laoghaire
    Gender
    Male
    Age
    70
    Occupation
    Oibrí
    Address
    Kinvarra, Co. Galway