School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Location:
Kinvarra, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0049, Page 0047

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0049, Page 0047

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
  2. XML Page 0047
  3. XML “Leigheasanna sa gCeantar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní raibh aon dochtúirí sa gceanntar fadó agus nauir tháinig galar ar duine bhí air leigheas d'fhághail dó féin. Is le luibheanna áirighthe a dheineadar galar a leighsiú sa t-sean-aimsir. Is amhlaidh a dheineadar luibheanna a mheasgadh le na chéile.
    Núair tháinig tinneas fíachail ar dhuine sé rud a rinne sé ná frog a mharbhú agus a chos a chur isteach in a bhéal. D'fhág sé an frog in a bhéal ar feadh leath-uaire agus núair thóg sé an cos amach bhí an tinneas fíachail imthighthe.
    Nuair a bhí craos-galar ar duine, sé rud a rinne sé ná a stoca a cheangal thar timcheall a mhuinéil ag dul a chodhladh dhó. Núair a dhúisigh sé ar maidin bhí air é féin a nigheadh le h-uisge beirbhighthe agus tar éis sin bhí an galar imthighthe.
    Núair bhí triuch ag duine sé rud a rinne sé ná bíadh a bhí fágtha tar éis firéid d'fhághail agus é d'ithe. Bhí an triuch imthighthe l'ar na bhárach. Cúpla míle
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Uí Laoghaire
    Gender
    Female
    Address
    Kinvarra, Co. Galway
    Informant
    Pádhraig Ó Laoghaire
    Gender
    Male
    Age
    70
    Occupation
    Oibrí
    Address
    Kinvarra, Co. Galway