School: Cathair Loisgreáin (C)
- Location:
- Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Máire Nic Aodha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thuit an bheirt le neart faitchíos, agus d'imthigh leo abhaile.
Ar maidin go moch, réidhtigh Páidín é héin, lé dul chuig an Aifreann, agus núair a chonnaic lucht an Aifrinn Páidín ag teacht, thosuigh síad ag rith uaidh. Thosuigh Páidín ag rith in a diaidh lé faitchíos go mbeadh sé deireannach. Núair a chúaidh sé isteach sa dteampall, rith an méid a bhí ann amach, agus do rith an sagart freisin.
Núair a tháinig sé súas leo, ní raibh fhios aige cé'n fáth a raibh síad ag rith, agus d'innis sé an sgéal faoi an duine uasal a cheannuigh an coirce uaidh. Tháinig Páidín abhaile, agus chuir sé síos an tulán, agus d'ól sé féin agus a bhean an tae, agus mhair síad lé chéile go socair súimhneach nó go sgar an bás ó chéile íad.- Collector
- Siobhán Ní Duibhgiolla
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ó hUigín
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Cill Mhothlan, Co. na Gaillimhe