School: Cathair Loisgreáin (C)
- Location:
- Caherlustraun, Co. Galway
- Teacher: Máire Nic Aodha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal - Páidín Ó Ceallaigh.Bhí fear in a chómhnuidhe i gCill Bheoláin darbh ainm Páidín O Ceallaigh. Lá amháin chuaidh sé go dtí an margadh ag díol mála coirce. Ní raibh aon clog acu san teach agus d'eirigh sé ar úair an mheadhon oidhche. Bhí an gealach san spéir, agus shíl sé go raibh sé in a lá. Ag dul síos do ag ceann a bhóithrín atá taobh shuas do a teachsa, casadh duine uasal breagh dhó. Diarr sé dhó cá raibh sé ag dul. Dubhairt Páidín go raibh sé ag dul go dtí an margadh ag díol an mála coirce a bhí ar dhruim a capall aige. "An ndíolfadh liomsa é a Pháidin." ars an duine uasal. "Díolfadh" arsa Páidín. "Cé mhéad atá sé ag dul ag an margaidh" a Pháidín. "Deich bpighne" a dhuine uasal ars Páidín. "Tiubhraidh mise sgilling duit, ach go dtiocfadh tú liom abhaile leis." "Tiocfadh mé leat arsa Páidín, agus fáilte a dhuine úasal." "Tar uait anois a Pháidín agus na déan iongnadh do rud ar bith a fheiceas tú." "Déanfaidh sin a dhuine úasal" adeir sé. D'imthigh leo annsin, agus ní fhaca Páidín aríamh a leitheid do rudaí bréagh gur chonnaic sé.
Núair a tháinig síad go caisleán an duine uasail, cuireadh capall Páidín isteach, agus tugadh é fhéin i bpárlús bhreagh, in áit a raibh teine breagh agus solus. Shuidhe Páidín síos ag an teine(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Duibhgiolla
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ó hUigín
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Kilwullaun, Co. Galway