School: Cathair Loisgreáin (C)

Location:
Caherlustraun, Co. Galway
Teacher:
Máire Nic Aodha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0577

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0577

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Loisgreáin (C)
  2. XML Page 0577
  3. XML “Fear a Bhí ag dul go Cill Coinnigh le Asalaibh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fear A Bhí Ag Dul Go Cill Coinnigh Lé Asalaibh.
    Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag dul go Cill Coinnigh lé asalaibh. Casadh ceannuightheóir ar an mbealach leis, agus d'iarr sé air cé mhéid ar asal. Cúig phunt, ar seisean. Nach bhfuighinn dhá asal ar cúig phunt i gCill Coinnigh, agus ná bí ag innseacht do chuid bréagaí domsa. Ar chaoí ar bith do dhíol sé íad leis an ceannuightheóir. Chuaidh sé go Cill Coinnigh agus bhí sé ag ól, agus ag ól nó go raibh sé ar meisge, agus thuit sé in a chodladh.
    Niorbh fhada gur tháinig fir isteach a bhí ag baint gúail taobh amuigh de'n bhaile. Thug síad leo é nó gur chur síad sios é i bpoll an ghúail. Núair a dhúisigh sé, shil sé gur in Ifrinn a bhí sé. Ghlaodh sé go h-árd agus d'iarr sé orra cá raibh sé, agus d'freagrair [!] síad tá tú in Ifrinn. Bhfuil aon teacht as ar bith ar son Dé. Tá, núair a ólfas tú uisge h-Ifrinn, agus cúig sgilling a íoc freisin. Tháinig sé as ar chaoi ar bith. An Dómhnach ar gcionn bhí seanmóint ag an sagairt, a rádh leis na daoine, an té a rachas go h-Ifrinn níl aon teacht as. Bhí an fear ann, agus sheas sé súas, agus dubhairt sé, bhí mise in Ifrinn agus tháinig mé as núair a dól mé uisge h-Ifrinn agus núair a díoc mé cúig sgilling.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Mhanacháin
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Maolruaidh
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Donaghpatrick, Co. Galway