School: Cathair Loisgreáin (C)
- Location:
- Caherlustraun, Co. Galway
- Teacher: Máire Nic Aodha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cathair Loisgreáin (C)
- XML Page 0489
- XML “Sprideanna i nDeilbh Ainmhithe - Bean in Éadaí Bána”
- XML “Sprideanna i nDeilbh Ainmhithe - Sprid i bhFoirm Feochadáin agus Mná”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an [!] mheadhon oidhche, do lean bean í, agus bhí sí gléasta in éadaigh bána. Do lean sí é, go dtáinig sé chomh fada leis an Bothair Thuama. Do rith an capall chomh tapaidh is a bhí sé in ann. Do rith sé mar sin go dtáinig sí chomh fada le droichead. Annsin, do chaith an bhean an sgian in a dhiaidh agus dubhairt sí go raibh an t-ádh air. Nuair a tháinig sé abhaile, do luigh an capall síos, agus d'fhan sé in a luighe mar sin ar feadh seachtmhaine agus annsin fuair sé bás. Bé an capall a shábháil a mhaighistir.
- Sprid i Bhfuirm Feochadáin agus Mná.Oidhche amháin, bhí fear ag teacht ó cuairt. Ag teacht ó imirt cártaí a bhí sé. Tomás Ó Breathnach a bhí mar ainm air. Nuair a bhí sé tuairim is leath míle ó an bothar atá ag dul go Tónacooleen, chonnaic sé feochadán mór i lár an bothair. Thug sé buille dó, do lean an feochadán go dtí an taobh eile de'n bothar, agus tháinig sé amach i bhfuirm mná. Do lean sí é, ag rith ar a dithceall go dtáinig sé chomh fada leis an tobar, agus dimthigh sí ar an bpoinnte. Bhí faitcíos mór air agus níor fhan sé amuigh go deireannach aon oidhche eile.
- Collector
- Cairlín Ní Dhiarmada
- Gender
- Female
- Informant
- Padraig Mac Diarmada
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Address
- Killamanagh, Co. Galway