School: Cathair Loisgreáin (C)
- Location:
- Caherlustraun, Co. Galway
- Teacher: Máire Nic Aodha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear A Bhí Ag Dul Chuig An Margadh.Bhí feilméar ann fadó. D'eirigh sé go moch maidin amháin, mar bhí sé ag dul chuig an margaidh lé ualach féir a dhíol. Thug sé beile coirce do'n chapall agus d'ith sé é. D'eirigh a bhean agus ghléas sí a bhricfeásta dhó. "Ná déan aon mhoill" ar sise, "ach tar abhaile núair a bhéas an féar díolta agat." "Déanfadh sin a stóirín" ars an fear agus d'imthigh leis.
Bhí féar daor ann an lá céadhna, agus ní raibh sé i bhfad ar an margadh gur dhíol sé an féar ar lúach maith. Bhí sé lán tsásta leis an airgead. Chasadh cáirde air, agus chuaidh síad isteach i dtigh ósta. D'ól an feilméar braon beag thar an gceart agus bhí sé roinnt súghach. Núair a bhí sé ag teacht abhaile san trathnóna thuit sé in a chodladh san trucail, agus stad an chapall ag cros-bhóthar. Bhí gaduighe ag dul an bealach. Chonnaic sé an fear ins an cart. Sgaoil sé an capall. Léim sé súas air, agus d'imthigh leis. Dhúisigh an fear lé fáinne an lae, d'féach sí [!] in a thimcheall, ach ní raibh aon capall lé feiceál.
Chuaidh sé go dtí an bearraic a bhí i ngar dó. Bhúail sé ar an doras. I gceann tamaill bhig, d'osgail saor é. Chonnaic an fear go raibh gunna in a láimh aige, agus tháinig eagla air. "Cé hé tusa agus céard tá uait?" ars an siomhar. Sin é go díreach atá(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Duibhghiolla
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ó hUigín
- Gender
- Male
- Address
- Kilwullaun, Co. Galway