Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 339

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Chuaidh me 'un cómhraidh le fear dar b'ainm Aodh O Dubhthaigh, an Áirdmhín, Clochan Liath an oidhche fá dheireadh agus mar is é a bhíos a'doctúireacht ar eallach fá'n cheanntar in-a bhfuil sé: chuir mé faisnéis fá na h-aicideacha a bhaineadh le eallach agus caoirigh san t-sean am agus na leigheastai a gníthí díobhtha. Seo an cunntas a fuair mé uadh.
"Ins an t-sean aimsear nuair a bhí mise i mo stócach bhi mórán aicideacha a bainnt le eallach nach gcluintear mórán iomráidh ortha anois. 'Sé mo thuairim féin gur dioghbhail coinighthe a ba chúis le seo. Ins an am sin bhí fíor bheagan báirr dá chur ag na daoine agus an méid a bhí, ba bheag aca féin na préatai agus an coirce le iad a chongbhail beo. Mar sin dó ní rabh ag an eallach ach féar an talaimh agus mar nach rabh mórán cineáil le fághail aca ach íad ingilt ar fhéar garbh, 'sar ábh an t-sléibhe, ar ndoighe chuireadh an geimhreadh go mór ortha agus ní

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Donnchadh O Baoighill
Inscne
fireann
Seoladh
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge