Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ní maith le daoine í a fheiceail ar chór ar bith, no creideann siad gur dual dó bhás a bheith i dteach a mbíonn sí os a cheann.
Éanacha
Deir daoine gur caileandoirí maithe na géacha fiadhaine. Ma tcithear íad a gabhail 'un t-sléibhe go tiuth deirtear gur aimsear gharbh atá le theacht acht ma fhágann siad an sliabh agus a ghabhail na ndumhchann, no na n-oilean ar an chósta gur aimsear mhaith atá le theacht.
Le tús droch aimseara fágann na faoileóga an fhairrge agus tcíd siad isteach ar lochanna seo geal bán leis na sloighte faoileóg a bhíos ortha go h-áirithe i n-aimsear earraigh no geimhridh.
Deirtear ma tcithear na préachain agus cruit ortha ins na pairceanna gur comhartha(leanann ar an chéad leathanach eile)