Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aimseara é.
Comhartha eile droch aimseara an ghaoth a bheith a'feadalaigh i bpoill eochrach no idir chásai na fuinneóige, no tuaragan trom tulc a bheith ag siorradh an t-simléara.
Tuar ceatha.
Áirigheann daoine gur maith an chomartha tuarceatha an tráthnóna, acht gur olc an chomartha tuarceatha na maidne.
Nuair a bíos an aimsear garbh ceathaideach is minic a tcíthear tuarceatha bhrisde ar fhiógar na spéire, sé sin mar deáfa cos amhán de'n tuar ceatha le feiceail gan iomlán an bogha. Madadh gaoithe a bheitear ar a leithid sin ins an áit seo agus deirtear nach féidir cómharta níos measa a fheiceáil. Go mbeidh an aimsear garbh, diolba, ceathaideach agus mórtas ar an fhairrge.
I dtaoibh thuarceatha na h-oidhche deirtear gur maith an comhartha aimseara í acht(leanann ar an chéad leathanach eile)