Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 331

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Is í an ghaoth aníar ndeas is minice bheir baisteach chugainn i n-íar Dhún-na-ngall. Bheir an ghaoth anoir aimsear chruaidh shiocain chugainn agus ceathaideacha sneachta acht nuair a thuiteas an sneachta go buan trom is leis an ghaoth anoir ndeas a thog sé de ghnáthach. Gheibhmid aimsear thirm chruaidh leis as ghaoth adtuaidh agus i n-amanna nuair a théid an ghaoth i mbun thoir dtuaidh is minic a fhanann sí sa bhun sin ar feadh cúpla mí. Ar feadh an ama sin bíonn an aimsear fuar agus ceathaideacha troma ann idir amannai.
Deir daoine ma théid an ghaoth a athrú as bun gur maith an cómhartha í cúrsa na na gréine a leanstan; sin ma tá sí i mbun san áird thoir i athrúghadh go dtí thoir ndeas, o dheas, thiar ndeas, thiar srl. Ma gnídh sí sin airigheann na daoine go mbéidh an aimsear maith. Ma áthruigheann sí i n-aghaidh chúrsa na gréine deir daoine gur chómhartha droch

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge