Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 139

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

bhéal labhairfeadh Íosa leis agus chaithfeadh se an plaic a chathamh uadh. Gach uile áit ar chaith Peadair amach greim d'fhás bocan bearaigh.
Chonnaic an diabhal seo agus chaith sé féin amach plaic agus d'fhás bacann as greimeanna an díabhail fosta agus bhi siad níos deise agus níos deirge no cuid Pheadair, ac bhi nimh ar chuid an Díabhail.

Bhi Colmcille i n-a chomhnuidhe i nDún-na-nGall i dTír Chonaill agus tháinig lá deas te gréine agus chuaidh Colm amach a chur uisce ar a chuid bláth. D'fhág sé an cailín aimseara ag déanamh réidh tuirtín aráin choirce ag an tábla. Tháinig fear bocht go dtí an doras agus d'iarr sé déirc ar an chailín agus dubhairt sise leis nach rabh ordú aicí déirc ar bith a thabhairt uaithe de thairbhe a maighistre. D'íarr sé cnág de'n taosg uirthí agus thug sise sin dó.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge