School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 70

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 70

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 70
  3. XML “Scéal - Píobaire Shliabh Liaig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. D’fag bád iasgaireachta Teidhleann lá amhain agus chuaidh siad thart síos ag tárrangt ar Mhálainn Bhig. Nuair a bhí siad ag gabhail thart i gcúl na n-ált chualaidh siad an seinm, agus d’aithin siad go rabh píobaire ann. D’amharc siad suas agus chonnaic siad píobaire beag ag seinm shuas san ált.
    Tharrang siad isteach agus léim dáimhseór maith a bhí sa bád amaách ar charraic leáthan a bhí ann agus thoisigh damhsaigh gheáll ar gan an tiún deas a leigint amudha.
    Nuair a bhí’n tiún thart thug se buidheachas dó’n píobaire agus d’fiafraigh goidé’n tiún sin. “O! arsan píobaire sin “The wind that shakes the barley”, agus d’imtigh sé as amharc.
    D’aithin siad ó seo go rabh doineann air agus phill siad ar an bhaile comh tiúgh géur is thiocfadh leobhtha agus ní rabh siad acht istigh i gceart nuair a thoisigh an doineann agus rinne lá créathnaigheach.
    Shabhal an píobaire beag iad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cait Nic a' t Saoir
    Gender
    Female
    Informant
    Pádruig Mac a' t Saoir
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall