School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cineal Conaill
- XML Page 157
- XML “Mo Chleamhnas ar an Charn Aoiligh”
- XML “An Fidileoir Caoch”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- “Mo Chleamhnas ar an Charn Aoilighach.I ngleann sa choillidh uaignigh ar caitheadh mo shaoghal
Ó Dhomhnach go domhnach is go maidin Dia luin.
Féitheamh an tráthnóna cé thiocfadh ‘an toighe
Is gan duine le feicilt a thógfadh mo chroidhe.Éirigh suas a cháilín mur bhfuil tú do shuidhe
Fosgail an doras agus leig mise ‘un toighe
Tá buideal in ni’ aice liom as “dram” do mhraoi an toighe
As ní féidir go ndiúltann tú fear óg brath ar mhraoi.Nuair a éirighimse ar maidin agus amharcainn uaim
Ar a ‘bhaile ndaí thall a rabh mo ghrádh ann
Ag sileadh na ndeór síos liom go trom
Agus gníomhsa mo leasnadh bíos cosamhail le cumhaidhBeirmise comhairle (mo mhallacht) do’n bean óg bhí [mo]? dhiaidh
Gan dul i bhfad ó bhaile i mhaithe le caint béil
Ach mo chleamhnas an charn aoiligh
Is mo cháirdeas Críost i bhfad uaim.
(Maighread Ní Gallchobhair 46, Croc Fola, Gaoth Dobhair).- Informant
- Maighread Ní Gallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 46
- Address
- Cnoc Fola, Co. Dhún na nGall
- An Fidileóir Caoch.Bhí cáilín (bean) darb ainm Nóra Ní Dhomhnaill na comhnuidhe amuigh annseo i dTír Móir. Ba bhreag cinealta an cáilín í.
Bhíodh fear siubhal ag dul thart an tam sin darb ainm “an Fidileoir Caoch”. Ba gráth leis loistín a fagail i dtoigh athair Nóra.(continues on next page)