Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgéal, agus dubhairt sé go raibh lios in-aice an gCaisleán Mhóir, agus pé duine a phósach an chailín a bhí ann go bhfuighead sé cróca óir as an lios.
Thuit sé amach go raibh an fear a bhí ag éisteacht leis chun an chailín a phósadh. Bhíodar pósta ar feadh bliadhna agus aon oidhche d'airig sé ceóil ag teacht ana-ghairid do sa leabaidh agus bhí a fhios aige go maith go raibh sé ag teacht as an lios.
Oidhce eile d'airig sé an ceóil níos túisce ná mar a d'airig sé aon oidhche roimhe sin agus do bhí sé níos deise. Dubhairt sé le'n a bhean ba mhaith liom a bheith san áit a bhfuil an ceóil sin.
Tar-éis cúpla oidhche'na dhiaidh sin thuit sé tinn agus bhí sé thimcheall a buile a chlog agus do bhí a bhean ag dul a codhladh agus chonnaic sí sidheóga agus coiffín mór acu agus d' imthigheadar amac leis agus an fear istig ann acu agus ní fheacaidh a bhean iad ó shoin. Bíonn eagla ar gach aoinne ag dul thar a óir san oidhche, mar cítear sprideanna ann.
Fuair mé an sgéal seo ó Martan Ó Mathgamha. 54 blian. An Rinn.- Bailitheoir
- Máire Ní Curraoin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Baile na Cúirte Theas, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Martan Ó Mathgamhna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Rinn, Co. Phort Láirge