School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 361

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 361

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 361
  3. XML “Spin Mhic Mhadra an Dúin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí feirmeoir ann fadó agus bhí aon iníon amháin aige. Bhí lios i gceann de na páirceanna a bhí aige. An maidin seo nuair a bhí an cailín óg ag dul fé dhéin na mba tháinigh fear beag go dtí doras an leasa agus d'fhiafraigh sé den gearrchailc cad é an ainm a bhí air.
    "Cá bhfios damh-sa cad é an ainm atá ort?" arsa an cilín.
    "Mise Spin Mhic Mhadra An Dúin" arsa sé sin "agus muna mbeidh an ainm sin agus bliain is lá ó inniú caithfidh tú teacht isteach anseo liomsa agus fuireach ann go deoidh".
    Chuir an chaint sin scanradh ar an gcailín agus d'imigh sí abhaile agus níor inis sí do aoinne é.
    Tháinigh deire na bliana agus bhí an ainm ag an gcailín ach nuair a dhúsaigh sí maidin an lae deireannach ní raibh aon fágail aici ar cuimhneamh ar an ainm agus bhí eagla uirthi go dtógfaidhe isteach sa lios í.
    An lá seo bhí an buachaill aimsire a bhí ag an bhfeirmeóir ag treabhadh sa pháirc a raibh an lios ann agus tháinigh an fear beag go dtí doras an leasa. Thosnaigh sé ag amhrán. Is é an t-amhrán a bhí aige ach -
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Folktales index
    AT0500: The Name of the Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Nioclás Mac Craith
    Gender
    Male
    Age
    12
    Address
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
    Informant
    Nóra Ní Chinnéide
    Gender
    Female
    Address
    An Rinn, Co. Phort Láirge