Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 250

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 250

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 250
  3. XML “Tomás Mór”
  4. XML “Slí Mhaireachtála”
  5. XML “Gadaí agus Ministéir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cois na teine agus tháinigh Tomás isteach. Tháinigh iongnadh mór ar an mbeirt acu agus dúirt ceann acu gur airig sé go raibh sé tar éis báis. "Cé dubhairt go raibh mise tar éis bháis" arsa sé sin agus thosnuigh an bheirt acu ag troid. Bhí an beirt acu sínte ar an urlár ar feadh uair an chloig agus d'éirigheadar.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhíodh saoghal chruaidh ag na daoine fadó. Sé an slighe maireachtain a bhíodh ag an chuid is mó acu ná ag iascaireacht. Nuair a bhíodh an-chuid éisc acu chaithfidh siad na h-éisc a thabhairt to dtí Corcaigh chun iad do dhíol.
    Bhí fear ina chónaí sa Rinn darbh ainm dó Micheál de Róiste. Bhíodh sé i gcónaí ag díol éisc. D'fhágfadh sé a thig féin ar a dhá buille déag san oidhche le h-ualach mór éisc chun iad a dhíol i gCorcaigh agus bhí sé thar n-ais ar a thigh féin ar a dhá bhuille déag an oidhche ina dhiaidh sin.
    Nuair a bhíodh eórna nó coirce acu chaithfidís é a thabhairt go dtí Baile na Curra chun é a dhíol.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Bhí gadaithe ag obair le ministéir uair amháin. Bhí an ministéir pósta agus bhí aon inghean amháin acu. Bhí an mhinistéir a d'iarraidh an gadaidhe a marbhú.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Ráth na mBiníneach, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Micheal Breatnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Baile na Cúirte Theas, Co. Phort Láirge