Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 352
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tríd na páirceanna. Nuair a bhíodar shíos leath slí chonaiceadar bean agus bhí sí go léir bán agus bhuail sí an bheirt aca le sceacha agus rith an beirt aca isteach ins an tigh a bhí gairid dóibh agus d'fhanadar ann go maidin.
- Nuair a bhí an gorta ann chéad bliain ó shoin bhí ana-chuid daoine bochta ag fáil bháis leis an ocras. Ní raibh aon prátaí ag aoinne. Bhí feirmeoir ann agus bhí fiche tona prátaí agus ní thabharfadh sé aon prátaí do aoinne agus na daoine go léir ag fáil bháis.
Bhí na daoine bochta ag guid na prátaí agus bhí fhios ag an fear agus chuir sé glas ar an doras agus ní bhfuidheadh na daoine bochta na prátaí a fháil. Thosnaigh na prátaí ag teacht dubh air agus fuair sé féin bás agus a chuid páistí. - Fadó bhíodh na daoine ag obair an-dhéanach san oíche. Bhídís ag baint móna agus á dtabhairt ar a ndrom cúig nó sé míle ón sliabh. Bhídís ag tabhairt bórán isteach ón bpáirc nuair a bhíonn siad tirm.
Bhíodh sé an-déanach san oíche nuair a bhíodh siad ag obair. Ní théighidís a codladh go dtí a dó a chlog ar maidin agus bhíodh sé a sé a chlog nuair a éiríghadís. Bhíodh siad ag insint scéal agus ag amhrán. Bíodh an tigh glan aca i gcónaí.- Bailitheoir
- Tomás de Róiste
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Brígidh Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 30