Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 248

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 248

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 248
  3. XML “Bean Sí”
  4. XML “Páirc”
  5. XML “Páirc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí buachall agus cailín ag teacht abhaile ón mbaile mór oíche amháin. Bhí sé timcheall a buille a'chlog san oíche. Nuair a thángadar comh fada le Droichead an Uisce chonnacadar an duine bán ar an mbóthar agus cad a bheadh ann ach bean sidhe agus d'imigh sí suas treasna na páirceanna agus ní fheacadar a thuille de'n mbean-sidhe.
    Níor mhaith liom ag teacht thar an Droichead san oíche mar deirtear go bhfuil sprideanna ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. mná sí (~369)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Ráth na mBiníneach, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Micheal Breatnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Baile na Cúirte Theas, Co. Phort Láirge
  2. Tá páirc sa bhfeirm againn sa mbaile agus 'sé an ainm atá air ná Páirc na Claise. 'Sé an fáth go dtugtar an ainm sin air mar tá claiseanna móra ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Tá páirc againn sa mbaile agus 'sé an ainm atá air ná Páirc na Faille. Tá sé an-ghairid don bhfaill.
    Do bhí mo uncail agus fear eile ag obair ann lá amháin agus d'imigh banc mór de chré síos leis an bhfaill agus thug an cré an fear agus mo uncail leis. Do bhíodar gairid do bheith marbh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.