Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Maol an Chóirne, An Rinn | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 310

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

don reilig atá i gCnoc Buidhe. An oíche nuair a bhí na fearaibh ag dul ag cruadh na ba d'arríodar glór liathróid peile á imirt amuigh sa reilg.
Ní bhfaighidís an liathróid ná aoinne d'fheiscint . Tar éis tamaill d'aireagadar mná ag rá "Ochón, ochón" don dream a bhí tar éis cailleamhaint.
Deirtear gurab é an brígh a bhí leis an imirt ná gur cuireadh fear in uaig carn an lá san.

Bhí bean in Ráth na mBiríneach fadó. Bhí coca féir aici cúpla páirc ón dtigh. Teidheadh sí amach sa pháirc gach aon oíche chun sup de a thabhairt abhaile i gcór an bó.
An oíche seo nuair a bhí sí ag teacht abhaile chonaic sí Laoigh ag teacht ina dhiaidh agus dhá ceann air. Tháinigh eagla ar an mbean agus rith sí abhaile. Nuair a tháinigh sí abhaile thit sí tinn.
Tháinigh dochtúir chun í d'fheiscint agus dúirt sé go bhfaigheadh aoinne eagla a chur uirthi sa slí go raghadh a croí thar-nais ins an áit ceart. Fuair sí bás i gcionn dá lá.